Cailín a' tSléibhe Ruaidh

I learnt this song from Gearódín Breathnach in the sean-nóis class at Oideas Gael in 2010.

Cailín a' tSléibhe Ruaidh

‘gCluin sibh mise ‘bhuachaillí an méid agaibh ‘tá libh féinr
Suígí thart fán tinidh anseo go n-insí mé mo scéal
Bhí buachaill ar a’ bhaile seo ‘bhí súgach aerach suairc
Agus tháinig sé ‘dhéanamh cleamhnais le cailín a’ tsléibhe ruaidh

A spéirbhean álainn aigeantach, ba deise méin is clú
Bí ‘teacht liom féin le dúscadh ‘n lae go bpóstar mé ‘gus tú
Bí ‘teacht liom féin amárach, ‘s ná bíodh ort brón ná gruaim
Agus cuirfidh mé gúna síoda ort, a chailín a’ tsléibhe ruaidh

Níorbh fhios don streabhóg ghiodalach cad é ba chóir di ‘rá
Ach a’ dealramh ‘bhí ina súile den oiche go ndéanfadh lá
A rún mo chroí ‘nois díbir thusa mearadh ‘n ghrá seo uait
Nó is rún liom fanacht díomhain seal ar mhalaí a’ tsléibhe ruaidh

A mhaighdean mhaiseach mharánta cad é seo ‘tá tú ‘rá
Dearc síos a’ gleann faoi bhuach na mbeann is breathnaith mo chuid barr
Tá togha na bhfear ‘sna mbeatha agam ag obair ann go cruaidh
Is tá stór is maoin go leor agam do chailín a’ tsléibhe ruaidh

Má tá stór is maoin go leor agat ní domhsa is fearrde é
Nó deirtear liom go n-ólfá thusa maoin a’ tsaoil go léir
‘Do shuí suas ‘dtigh an óstaí ‘do dhrabhlás bhocht gan chéill
Ar feadh na hoich’ ag ól ‘s a’ gabháil ‘na bhaile le bánú ‘n lae

Más fear mé ‘tá ‘g ól, a chailín chóir, ní ólaim ach mo chuid féin
Chan tú ‘tá ‘g ioc ar son na dí, níl agat pingin mar spré
Is anois ná síl go bhfuil mo chroí bocht briste de do chumhaidh
Nó fágaim thú mar fuair mé thú ar mhalaí a’ tsléibhe ruaidh

The Girl of the Red Mountain

Éist leis an amhrán seo / Hear this song

Links

Lyrics and translations of this song
http://www.tunewiki.com/lyrics/aoife-ni-fhearraigh/cailin-a-tsleibhe-ruaidh-s3241013.aspx

Other songs in Irish | Songs in other languages

[top]


Green Web Hosting - Kualo

Why not share this page:

 

iVisa.com

If you like this site and find it useful, you can support it by making a donation via PayPal or Patreon, or by contributing in other ways. Omniglot is how I make my living.

 

Note: all links on this site to Amazon.com, Amazon.co.uk and Amazon.fr are affiliate links. This means I earn a commission if you click on any of them and buy something. So by clicking on these links you can help to support this site.

Get a 30-day Free Trial of Amazon Prime (UK)

If you're looking for home or car insurance in the UK, why not try Policy Expert?

[top]

iVisa.com