Nansaí Bhán Nic Giobarlaí

D'fhoghlaim mé an t-amhrán seo i gceardlann ar amhránaíocht an tsean-nóis leis Lillis Ó Laoire in Oideas Gael i Mí Iúil 2009.

Nansaí Bhán Nic Giobarlaí

Chuaigh mise lá síos 'na trá
A bhaint pota bruidearaí
Cé tharlaigh ormsa ins an tráigh
Ach Nansaí Bhán Nic Giobarlaí

Curfá
Ím bím bó, a dheartháir ó
Nach méanair a gheobhadh le mealladh í
Cead síneadh síos lena cúl buí seang
Agus focal cainte labhairt léi

Is duitse Nansaí a thug mé an fansaí
Mar bhí tú ceansúil caoimhiúil cóir
'S níorbh fhaide liom an t-am go mbeinn is tú ag caint
'S mo dhá láimh teannta tharat aniar

Curfá

Tá cúl buí óir ar an óigmhnaoi
'S nár dheas a deallramh leis an ghréin
A brollach bán mar an eala ar snámh
Ceanna dhá lámh agus barr a méar

Curfá

'S dá mbeinnse anuraidh mar bhí mé inné
Choinneochainn m'intinn agam féin
Cha ligfinn mo rún leis aon fhear faoin ghréín
Agus bheadh sí i gcónaí agam féin

Curfá


Éist leis taifeadadh an amhrán seo leis Lillis Ó Laoire agus an rang sean-nóis

Other songs in Irish | Songs in other languages


Learn Chinese Characters with the Omniglot Chinese app | Language Jobs at Jobseeker.co.uk
Hosted by Kualo