Cúinne na Gaeilge

The place to use Languages other than English (LOTE) to discuss whatever you like.

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby Declan » Tue 26 Jan 2010 4:59 pm

linguoboy wrote:Nílim ar aon intinn, ach tá aon teanga álainn nuair atá fear álainn á labhairt!
Is docha go bhfuil an ceart agat!
linguoboy wrote:Is ea fós ina bheatha atá Reinhard Mey? Dheinis dearmhad ar fad air!
Cinnte go bhfuil, agus tá sé fós ag canadh chomh maith. Sílim go bhfuil guth álainn aige, go háirithe a amhráin sean. Tá siad an-greannmhar freisin. An bhfuil a fhios agat go mbíonn sé ag canadh as Fraincís freisin mar amhranaí darb ainm Frédérik Mey? An deas freisin. Bhain sé triail as "Ich wollte wie Orpheus singen" i mBéarla, ach tá sé uafásach. Ceapaim "I'll sing to you like Orpheus" an t-ainm a bhí air.
linguoboy wrote:An bhfuil aithne agat ar Joachim Witt (einen anderen Pop-Saurier) nó Peter Fox?
Ní raibh, go raibh maith agat. De gnáth, bíonn suim agam sna schlager, ach tá suim agam i bpopcheol freisin. 'Sé mo bharúil go bhfuil siad furasta go leor a thuiscint, agus is féidir liom a lán bhfocal a fhoghlaim astu.

An mbíonn tú ag éisteacht le ceol as Gaeilge? Is amhránaí deas é Tadhg Mac Dhonnagáin as Gaeilge agus Béarla. Tá a chuid amhráin greannmhar, ach is as Conemara é mar gheall ar a bhlas.
Native: English
Very good: Irish
Reasonable: German, French
Very basic: Latin.
Declan
 
Posts: 122
Joined: Sun 19 Apr 2009 6:51 am

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby linguoboy » Tue 26 Jan 2010 11:30 pm

Declan wrote:An bhfuil a fhios agat go mbíonn sé ag canadh as Fraincís freisin mar amhranaí darb ainm Frédérik Mey?

Ní raibh barúil dá laghad agam.

De gnáth, bíonn suim agam sna schlager

Tá an-bhrón orm sin a chlos!

'Sé mo bharúil go bhfuil siad furasta go leor a thuiscint, agus is féidir liom a lán bhfocal a fhoghlaim astu.

Aontaim leat. D'fhoghlaimíos mórán focal úsáideach trí n-éisteacht le EAV agus grúpaí eile.

An mbíonn tú ag éisteacht le ceol as Gaeilge?

Is mór an trua ná bím ag éisteacht lena thuilleadh ceoil as Gaelainn. Is ea fós go bhfaighim saothar go leor chun na focail a thuiscint.
english*deutsch*nederlands*català*castellano*gaelainn*cymraeg*français*svenska*韓國말*漢語
linguoboy
 
Posts: 1029
Joined: Sun 19 Apr 2009 9:02 am

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby Declan » Thu 28 Jan 2010 12:20 am

linguoboy wrote:
De gnáth, bíonn suim agam sna schlager

Tá an-bhrón orm sin a chlos!

Is eisceacht mé mar gheall ar an gceol is fearr liom gan amhras.

linguoboy wrote:Aontaim leat. D'fhoghlaimíos mórán focal úsáideach trí n-éisteacht le EAV agus grúpaí eile.
Agus is féidir na focail a chloisteáil más schlager atá i gceist. Caithfidh mé a bheith ag éisteach go cruinn go popcheol agus na h-amhráin as Bearla!

linguoboy wrote:Is mór an trua ná bím ag éisteacht lena thuilleadh ceoil as Gaelainn. Is ea fós go bhfaighim saothar go leor chun na focail a thuiscint.

Tuigim go maith. Caithfidh mé fós féachaint ar na bhfocail agus sa fhoclóir chun Reinhard nó Frédérik a thuiscint, ach éirím níos fearr gach aon lá buíochas le Dia.

Tá a fhois agam go bhfoghlaimionn tú Gaeilge na Mumhan go háirithe, ach an bhfuil tú fós in ann an Chaighdean a thuiscint gan fhabhdanna? Níl sé ró-dheacair dom tú a thuiscint mar tá sé cloiste agam, agus is méascan idir blas na Mumhan agus Chonamara atá agam, cé gurb as Contae an Chláir mé.
Native: English
Very good: Irish
Reasonable: German, French
Very basic: Latin.
Declan
 
Posts: 122
Joined: Sun 19 Apr 2009 6:51 am

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby linguoboy » Thu 28 Jan 2010 7:24 pm

Declan wrote:Tá a fhios agam go bhfoghlaimíonn tú Gaeilge na Mumhan go háirithe, ach an bhfuil tú fós in ann an Chaighdean a thuiscint gan fhadhbanna?

Nílim abalta Gaelainn na Mumhan a thuiscint gan fhadhbanna fós!

Is í tuiscint na cainte ná an scil is laige atá agam i n-aon teanga.
english*deutsch*nederlands*català*castellano*gaelainn*cymraeg*français*svenska*韓國말*漢語
linguoboy
 
Posts: 1029
Joined: Sun 19 Apr 2009 9:02 am

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby Declan » Tue 24 Aug 2010 12:10 am

Nach bhfuil ár gcúinne an-chiúin faoi láthair na huaire? Táim ar bís mar fuair mé A1 sa Ghaeilge i m'Ardteist (agus sé chéad pointe :)), agus anois táim ag dul go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe chun innealtóireachta a staideár. Is athrú mór é sin domsa, agus táim ag tnúth go mór leis! Conas atá na gaeilgeoirí eile anseo?
Native: English
Very good: Irish
Reasonable: German, French
Very basic: Latin.
Declan
 
Posts: 122
Joined: Sun 19 Apr 2009 6:51 am

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby linguoboy » Tue 24 Aug 2010 2:57 am

Declan wrote:Táim ar bís mar fuair mé A1 sa Ghaeilge i m'Ardteist (agus sé chéad pointe :))

Togha fir, a chara!

Declan wrote:agus anois táim ag dul go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe chun innealtóireachta a staideár.

Cad é an saghas innealtóireachta go bhfuil an suim is mó agat inti?

Declan wrote:Conas atá na gaeilgeoirí eile anseo?

Ní meabhair liomsa aon athraithe ar an saol a tionscnamh ag an neomat so. Tá cúpla leabhar Gaelainn d'fhoghlaim ceannaithe agam, ach amháin toisc gur mór an éadáil iad. Níl iomad aga agam ar staidéar a dhéanamh ar Ghaelainn sa lá atá inniu ann.
english*deutsch*nederlands*català*castellano*gaelainn*cymraeg*français*svenska*韓國말*漢語
linguoboy
 
Posts: 1029
Joined: Sun 19 Apr 2009 9:02 am

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby Declan » Tue 24 Aug 2010 10:38 am

Go raibh maith agat. Ba mhaith liom beagáinín maíomh a dhéanamh :P

Innealtóireacht ginearálta i dtús báire (undenominated mar a dtugtar ar), agus ansin sa dara bhliain, piocfaidh mé saghas éigin, leitric b'fhéidir.

linguoboy wrote:Ní meabhair liomsa aon athraithe ar an saol a tionscnamh ag an neomat so. Tá cúpla leabhar Gaelainn d'fhoghlaim ceannaithe agam, ach amháin toisc gur mór an éadáil iad. Níl iomad aga agam ar staidéar a dhéanamh ar Ghaelainn sa lá atá inniu ann.
Tuigim é sin. Bhí sé ar intinn agam píosa beag Sean-Ghréigis a fhoghlaim, ach níor éirigh liom seachas cúpla focal.

Níl ach an beirt againn fágtha anseo a fhéadann leo Gaeilge a labhairt? Agus Simon go follosach.
Native: English
Very good: Irish
Reasonable: German, French
Very basic: Latin.
Declan
 
Posts: 122
Joined: Sun 19 Apr 2009 6:51 am

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby linguoboy » Thu 26 Aug 2010 10:23 pm

An féidir gur chuireamair scaoll sna foghlaimeoirí lenar ardstór focal? An éireodh níos fearr linn dá gclófaimis féin leis an mbunfhoclóir?
english*deutsch*nederlands*català*castellano*gaelainn*cymraeg*français*svenska*韓國말*漢語
linguoboy
 
Posts: 1029
Joined: Sun 19 Apr 2009 9:02 am

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby Declan » Sat 28 Aug 2010 8:58 pm

linguoboy wrote:An féidir gur chuireamair scaoll sna foghlaimeoirí lenar ardstór focal? An éireodh níos fearr linn dá gclófaimis féin leis an mbunfhoclóir?

B'fhéidir! N'fheadar an bhfuil Seán fós ag staidéar Gaeilge?
Native: English
Very good: Irish
Reasonable: German, French
Very basic: Latin.
Declan
 
Posts: 122
Joined: Sun 19 Apr 2009 6:51 am

Re: Cúinne na Gaeilge

Postby linguoboy » Tue 05 Oct 2010 9:45 pm

Bhí an uiread san leamhthuirse orm tamall ó shin gur chuireas Gaelainn ar Kafka. Seo an abairt tosaigh den ghearrscéal is cáiliúla leis.
Nuair a dhúisigh Gregor Samsa as taibhreamhaibh míshuaimhneacha maidin áirithe, fuair sé féin claochlaithe ar a leabaidh go míolra anchúinseach.
english*deutsch*nederlands*català*castellano*gaelainn*cymraeg*français*svenska*韓國말*漢語
linguoboy
 
Posts: 1029
Joined: Sun 19 Apr 2009 9:02 am

Previous

Return to Languages other than English

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 0 guests

cron